School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 81
- XML “Scéal - Dobharchú Chró Each”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amhain bhí fear as Teidhleann ag cuartughadh caora shuas neas dé loch Cró-each. Leán Dobhar-chú é. Sgánnruigh an duine bocht go mór i dtoiseach agus ní rabh iongantas ar bíth do annsin na ma tcídh an dobharcú duine sul a bhfeicfidh an duine é mairbhfidh sé é cinnte agus mar i gceudna ma tcídh an duine é an chead uair gheobhaidh (an duine sé) ar siúbhal air.
‘Nois thoisigh an fhear seo ráchaidh comh mór is thiocfadh leis amách agus isteach i gcúl na gcarraic ag iarraidh corr a chuir ar an dobharchú. Bhí sé giota maith ar gcúl go fóill agus caidé rinne an fear acht a chota, a bhí leis faoi’n ásgaill, a spréaghadh ar charraic a bhí ann agus is go bráthach leis arais.
Thainig an dobharchú lé rása mór go dtí’n charraic agus nuair a chonnaic sé an cota shíl sé cinnte go rabh an fear aige. Rinne sé air lé na cheann acht mhárbhuigh sé é fein ar an charraic.
Cupla lá na dhiaidh sin ghlach an fear misneach a ghabhail fa choinne a chota agus caidé’n rud a chonnaic sé acht an dobharcú na luighe márbh ag taobh na carraice. Shábhal an chota é.- Collector
- Mícheal Uí Ceinnide
- Gender
- Male
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal
- Informant
- Cait Ní Ceinnide
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 38
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal