School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 9
- XML “Scéal 3 - Bean na Draíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fad ó shoin bhí fear i Málainnbhig agus lá amhain chuaidh sé suas na Chethromóig [?] ag baint mónadh. Nuair a thainig ám-díneardha chuir bean a tíghe a ingean suas lé na chuid. Is bráchan a bhí leithí agus bhí sé istigh i gcopan. Bhí aibhleóg léithí fosda lé na phíopa dheárgadh. Dfág sí an aibhleóg i n-uachtar an bhachta agus thug sí an bráchan síos fhad leis an ait a rabh sé ag obair.
Nuair a bhí chuid deánta aige chuaidh sé suas fhad leis an aibhleóig lé na phíopa dheárgadh.
Chuaidh a n-ingean síos fhad lé poll uisge leis an chopan a níghe. Bhí bád mór amuigh ar an fhairrge agus arsa sise, “A áthair thiocfadh liomas an bhád sin a thabhairt isteach ar na carraigeachaibh sin shíos.” Lé sin thoisigh sí ag tabhairt thart is ag tabhairt thart an copan ar an pholl agus thoisigh na tonnaí ag bualadh in-agaidh an bhaid agus a chuir isteach ar na carraigeachaibh.
“Stad de sin agus sábhal an bhád,” arsan t-athair. Thóg sí an copan agus shocruigh an fhairrge.
“Cé d’fóghluim sin duit? arsa seisean. “Mhó mhathair,’ arsan cailín Bhal! gabh ‘bhaile thusa, arsa seisean, ‘soir do mhathair.”
Chuaidh, acht ní fhachtas eisean ó’n lá sin go dtín lá indiú.- Collector
- Éamonn Ua Gadhra
- Gender
- Male
- Informant
- Cait Ní Gadhra
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 90
- Address
- Mín na bhFachrán, Co. Donegal