School: Doire Beag (roll number 14503)
- Location:
- Doirí Beaga, Co. Donegal
- Teacher: Sibéal Ní Ghallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Beag
- XML Page 303
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Oíche amháin . . .”
Oidhche amháin in deireadh an fhoghmhair bhí Maghnus Phaidí Ruaidh as áit an t-Sean Tuighe i bparroiste Ghaoth Dobhair ag teacht anoir ag bun an leite leithid indhiaidh a bheith ag cuartughadh caorach agus chuaidh sé ar seachrán. Duine beag neamh-eaglach a bhí i Maghnus agus ní fhaca sé a’ dhath ariamh a chuirfeadh an tóir air. Acht an oidhche sin chonnactas do go raibh creathadh uaignis air agus chuir sé suas purt feadalaigh le uchtach a thabhairt do fhéin. Le sin baineadh stad as agus leim a chroidhe - caidé bhí ann ar chor ar bith? - Sgaifte daoine beaga ag tarraingt air agus gan cuntas le déanamh ortha. D’amharc sé thart le bealach theithidh ach ní rabh sé le fághail aige mar go rabh an dream iongantach ag cruinniughadh as gach árd. Bhí feasóg crom bhéil Maghnuis ina sheasamh mar bheadh slatacha ann agus deora alluis ar a éadán. Bhí siad comh deas do agus go rabh siad le feiceál aige. Labhar fear beag ruadh leis agus dubhairt “Siubhal leat annseo a mhic Phaidí Ruaidh go bfeicfidh tú d’athair mór bocht a báitheadh i loch - loch fad ó shoin”. B’eigean do Maghnus a dhul leo. Bhí c uid á tarraingt isteach sa loch agus cuid a shábhail. Thug siad isteach fríd(continues on next page)- Collector
- Sinéad Ní Dhuinnshleibhe
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Gathlán, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Corráin
- Gender
- Male
- Address
- Machaire Gathlán, Co. Donegal