Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Donegal
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 186
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thart fá’n teach agus bhéadh siad ag cáitheadh cloch agus ag bríseadh na bhfuinneóg ar an teach. Mhuirbhfeadh an daoiní cupla gé fa choinne na bainse agus bhéadh cuid daoine muinnteardha an lánamháin, uilig cruinnigthe ins an teach. Lá indiaidh na báinse gheobhadh cuid sean daoine an bháile féasta mór. B’fhéidir go mairfeadh an bainéis cupla lá in amannaí an t-am sin. Ins an am i lathair ní bhíonn ag an bainéis acht cupla duine, agus ní mhaireann an bháinéis acht oidhche amháin. I bhfad ó shoin ba gnáthach leis na daoine muicfheoil, agus im, agus uibheacha, agus tae, agus síucra agus arán a thabhairt chuig an bhainéis, nuair a bheadh siad ag teacht. Ins an am i lathair ní thabhrann na daoine a dhath leo chun na bainse.
- Bailitheoir
- Róise Níc Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Donegal