Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Leathanach 0222
- XML “Tá Pisreoga ag Baint le <span class="exact">Pósadh</span>”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá pisreóga ag baint le pósadh.
Deirtear "ma póstar bean ar lá fliuch go mbéidh sí ag caoineadh"
Deireann daoine nach ceart dul treasna páirce nuair a bhíos siad ag dul ar pósadh.
Deireann na daoine nach mbeadh an t-ádh ar an lanamhain dá gcasfaidhe bean ruadh leo ar a mbealach chun an tseipéil, nó dá mbeadh bean ruadh ag an mbainis.
Cuireann cuid de na daoine snáthadh mhór i n-a gcuid éaduigh nuair a bhíonn siad dá bpósadh, cuirtear coiléar an chapaill ar chuid de na mnáibh nuair a bhíonn siad le pósadh. (gan teideal)
“Bhí fear ag dul ar bhainis uair amháin agus chonnaic sé bean agus í ag nigheadh éaduigh i n-aice le abhainn.”
Seo sgéal a fuair Seaghán Ó Cuinn, Creag Bhuidhe ó'n a athair.
Bhí fear ag dul ar bhainis uair amháin agus chonnaic sé bean agus í ag nigheadh éaduigh i n-aice le abhainn. Bhí faitchíos ar an bhfear idtosach acht tháinig misneach aige, agus d'fhiafruigh sé dí a nighfeadh sí a léine féin. D'éirigh an bhean i n-a seasamh, rith sí indiaidh an fhir agus b'éigin dó rith comh mear agus d'fhéad sé nó go dtáinig sé comh fada leis an teach in-a raibh an bhainis ann. Annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seaghán Ó Cuinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. Galway