School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Page 0131
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus d'éirigh sí as an leabhthain agus mhair siad go sásta uaidh sin amach.
Ní raibh dá bharr agamsa acht bróga páipéir agus stocaí bainne reamhair agus an chéad chioth báistighe a tháinic leáthadh iad. - Uair amháin bhí an Gobán Saor ag obair agus dubhairt an fear a bhí os a chionn leis fáinne a dhéanamh de chloich le cur i bpoll an fhad is bheadh sé ag ithe an dinnéir. Ní raibh sé acht ag magadh faoi. Nuair a tháinig sé amach tar éis an dinnéar a bheith ithte aige, d'fhiafruigh an Gobán de'n fhear a bhí osa chionn cé'n áit a raibh an poll, go raibh an fáinne déanta aige. Chuir an fear a mhéar isteach san bpoll gá theasbáint dó. Chaith an gobán an fáinne agus ghreamuigh sé a mhéar san bpll agus ní raibh sé ag magadh faoi as sin amach.
- Informant
- Padraig Ó Flaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe