Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deireann na daoine nach ceart athrughadh isteach idteach nuadh ar aon lá acht ar an Aoine. Ní ceart an Luaithe a chaitheamh amach ar an Luan. Ní ceart aon splannc a leigint as an teach ar Lá Bealtaine.
Ní chóir teine Dhearg a leigint amach uair a bhíos maistire á dhéanamh.
Deireann daoine gur ceart splannc a chur faoin gcuinneóíg.
Duine a thagas isteach agus maistire dhá dhéanamh is ceart dó bheith ar an loithne.
Nuair a bhíos duine caillte sa teach is cóir an clog a stopadh.
Is ceart tubháille a chur ar an sgáthán nuair a bhíos duine caillte sa teach.
Ní ceart beannughadh isteach i dteach a mbeadh duine caillte ann.
Dá mbeadh duine ag dul ar an aonach agus dá gcasfaidhe bean ruadh leis ní dhíolfaidh sé.
Ní ceart do dhuine a chuid gruaige do bhearradh ar an Luan.
Is ceart ceirt dearg agus tairgne crúídh capaill a chur ar ruball na mó tar éis breithe sí.
Ní thiubhradh daoine braon bainne dhuit ar lá Bealtaine.(leanann ar an chéad leathanach eile)