Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0222

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0222

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0222
  3. XML “Tá Pisreoga ag Baint le Pósadh”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá pisreóga ag baint le pósadh.
    Deirtear "ma póstar bean ar lá fliuch go mbéidh sí ag caoineadh"
    Deireann daoine nach ceart dul treasna páirce nuair a bhíos siad ag dul ar pósadh.
    Deireann na daoine nach mbeadh an t-ádh ar an lanamhain dá gcasfaidhe bean ruadh leo ar a mbealach chun an tseipéil, nó dá mbeadh bean ruadh ag an mbainis.
    Cuireann cuid de na daoine snáthadh mhór i n-a gcuid éaduigh nuair a bhíonn siad dá bpósadh, cuirtear coiléar an chapaill ar chuid de na mnáibh nuair a bhíonn siad le pósadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
    Teanga
    Gaeilge
  2. (gan teideal)

    Bhí fear ag dul ar bhainis uair amháin agus chonnaic sé bean agus í ag nigheadh éaduigh i n-aice le abhainn.

    Seo sgéal a fuair Seaghán Ó Cuinn, Creag Bhuidhe ó'n a athair.
    Bhí fear ag dul ar bhainis uair amháin agus chonnaic sé bean agus í ag nigheadh éaduigh i n-aice le abhainn. Bhí faitchíos ar an bhfear idtosach acht tháinig misneach aige, agus d'fhiafruigh sé dí a nighfeadh sí a léine féin. D'éirigh an bhean i n-a seasamh, rith sí indiaidh an fhir agus b'éigin dó rith comh mear agus d'fhéad sé nó go dtáinig sé comh fada leis an teach in-a raibh an bhainis ann. Annsin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.