Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0167
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgilling agus punt, punt agus pinginn, dhá naoi sgilling agus dhá naoi bpinginn, cé mhéid sin' ar an gcaoirigh?
    Freagra - Dhá shine
    Chuaidh mé suas an bóithrín
    agus tháinig mé anuas an bóithrín
    agus thug mé ar mo dhruim an bóithrín?
    Fr:- Dréimire
    Fear beag 'na seasamh le claidhe, itheann sé gach a gheibheann sé
    Ach ní ólann sé uisge.
    Fr:- Teine
    D'éirigh mé maidin lae ceoigh.
    chuala mé géim is ní géim bó é,
    ní éan é is níl sé beó?
    Fr: - leac-oidhre ag pléasgadh.
    Comh h-árd le balla,
    Chomh bán le bainne
    Chomh dearg le fuil
    Chomh milis le mil.
    Fr:- Ubhall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge