Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhráin
“Éireóchaidh mé ar maidin amáireach is bogfaidh mé an ród seo sair”
Éireochaidh mé ar maidin amáireach is bogfaidh mé an ród seo sias.
Siar ag tigh Séimín Mhic Fheorais an áit a raibh spóirt ariamh.
Ní shuidhfidh mé ar cathaoir ná stól ann go bhfeicfidh mé stór mo chroidhe.
Is go bhfághaidh mé dosaen póg is leabaidh faoi chóir na hoidhche.Tháinig mé isteach ag mo mháitrín is mo cheirteacha báithte fliuch.
"Aru, a mhicín na páirce cá raibh tú ag snamh indiú"
"Nach cuma sin duitse, a máithrín ní baineann an cás seo duit"
Is go dtiubhrainn mo bhás ar mbáidín ar na rudaí geall Máirín dom.Déanfaidh mé cuilt de mo bhríste a mhaireas le saoghal na bhfear.
Ní bhainfeadh mé an fhéasóg seo díomsa go bhfásfaidh sí míle ar fhad.
Imtheóchaidh mé amach fud na tíre chomh giobhach le caoirigh ghlais.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cormach Ó Chuinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droim na Gaoithe, Co. na Gaillimhe