Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Leathanach 0142
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tá go leor scéalta ag bainnt le Fionn agus na Fianna.”
Tá go leor scéalta ag bainnt le Fionn agus na Fianna. Nuair a bhí Fionn óg matbhuigheadh a athar agus ar fhaitchíos go marbhóchaidhe é féin cuireadh i bhfolach é ins na sléibhte. Annsin chuaidh sé ina chomhnuidhe le draoi. Chuala an draoi go raibh iasg draoidheachta i n-abhainn na Bóinne. La rug an draoi ar an iasg agus thug sé do fhionn é le na róstadh. Nuair a bhí sé dhá róstadh leag sé a ordóg ar an iasg agus dóigheadh an ordóg ina bhéal do bhlas sé an t-iasg agus bhí fhios aige ar chuile rud agus sin é an chaoi a bhfuair Fionn an teolas mór a bhí aige- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Móráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Chreig, Co. na Gaillimhe
(gan teideal)
“Uair amháin bhí buachaill ag tabhairt aire do ghort coirce a raibh coirce curtha innti ar fhaitíos go ngoidfeadh na h-éanach é.”
Uair amháin bhí buachaill ag tabhairt aire do ghort coirce a raibh coirce curtha innti ar fhaitíos go ngoidfeadh na h-éanacha é. Lá amháin bhí an lá an-te agus bhí an buachaill an-tuirseach de bharr a chuid shaothair. An lá seo tháinig Naomh Ciarán chuige agus d'fhiafruigh sé dhe céard a bhí air. "Ó" ars an mbuachaill. "Tá mé an-tuirseach de bharr mo chuid shoaothair". "Ná bíodh faithchíos ar bith ort" ars an Naoimh. "Tabharfaidh mise coghnamh duit". Do bhailigh an Naomh na h-éanacha ar fad le chéile agus chur sé isteach sa sgioból iad. Cuaidh an buachaill a codhladh go ceann i bhfad agus nuair d'éirigh sé arís leig Naomh Ciarán(leanann ar an chéad leathanach eile)