Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0190

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0190

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0190
  3. XML “Mo Cheantar Féin”
  4. XML “Mo Cheantar Féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mo Cheantar Féin

    Micheál Mac Goill is ainm dom. Tá mé in mo chomhnuidhe i gCreig Bhuidhe.

    Micheál Mac Goill is ainm dom. Tá mé in mo chomhnuidhe i gCreig Bhuidhe. Tá trí cinn de thighthe nuadha ann agus tá slinn ortha. Tá fiche agus a trí de shean thighthe ann. Tá go leór creaga móra ann agus siad na hainmneacha atá ortha. Coillmhór, Creig Dhála, Creig na gcoiníní agus Creig na nasal. Sin é an fáth ar thug siad Ceig Bhuidhe mar ainm ar an áit. Tá ceathrar sean duine ina gcomhnuaidhe i gCreig Bhuidhe. Tá sgéalta Gaedhilge agus amhráin aca. Tá feilm talmhan ann agus balla móra dúbalta thart uirthe, Rinneadh é sa mbliadhain 1847. Tá uain faoi an talamh ar an bhfeilm. Thug mo athair siar mé go bhfeicinn é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Micheál Mac Goill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe
  2. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aca. Bhí dúthaigh Sheoighe aca agus Currach Mhór agus Baile Chláir. D'imthigh siad as an teach sa mbhliadhain 1812. Chuadhar go Cailseán Mionlaigh. Se an fáth ar tugadh an t-ainm sin Cathair Gamhann air mar geall ar gamhainn iongantach thairbh a bhí aca agus dhéanadh balla mora thart ar an áit a raibh siad dhá coinneál.
    Fláithbheartaigh an sloinne is coitchiannta ann anois. Sé an t-ainm a bhí ar shagart a bhí ina comhnaidhe ann. An t-Athair Maoilsheachlann Ó Mainnín.
    Bhí céirt maithe ann fadó. Bhí seacht gcinn de sheolta ann agus bhí sé cinn ar an gClochar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.