Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin agus bhí agus bhí sé an-bhocht. Páidín an t-ainm a bhí air. Chuala sé trácht ar an ngréasuidhe leipreachán, go raibh sé ag déanamh bróga i ngleann uaigneach gar do'n teach agus duine ar bith a bhéarfadh air agus greim a choinbheáil air go dtiubhradh sé pota óir dó. "Más fíor sin" a dubhairt Páidín "Ní bhéidh mise gan airgead" D'imthig leis oidhche nuair a bhí an ghealach i na suidhe agus chuaidh sé go dtí an gleann. Chuala sé an gréasuidhe ag déanamh torann. D'éalaigh sé air agus rug sé air. "Sgaoil amach mé agus tiubhraidh mé pota óir duit" ars an gréasuidhe. "Cá bhfuil sé" arsa Páidín. "Tá sé curtha faoi an sean sgeich ghil úd thall." Choinnigh Páidín greim air go dtug sé an pota óir dó. Annsin sgaoil sé amach an gréasuidhe agus bhuail sé an pota óir faoi na ascail agus d'imthigh sé abhaile.
- Faisnéiseoir
- Padraig Mac Goill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 39
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe