School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
![The Schools’ Collection, Volume 0057, Page 0254](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0057%2FCBES_0057_0254.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0057, Page 0254
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Port Omna
- XML Page 0254
- XML “Réamonn De Búrca”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a chuir Aodh Ruadh Ó Domhnaill ar bun le saoirse na tíre a bhaint amach.
Sa mbliadhain 1598 bhí sé in-a sheadh agus d'iarr sé a chuid go dána ar a oncail Uilleog, acht níor thug sé acht cleith is bóthar dhó. Chruinnigh Réamonn chúig chéad fear agus thriall ó dheas go Clár Geal Mumhan ag cuidiú le Iarla Deasmhumhan leis na Sasanaigh a dhíbirt thar cuan amach acht chuir ceannphort na Sasanach sgéala chuige dhá rádh dá ndéanadh sé seo agus siúd go gcuideóchadh siad leis 'un a chuid féin a bhaint amach dó arís.
Threóruigh sé a chuid fear ar ais go h-Urmhumhain agus chuir leitir in dhiaidh litre ag triall ar Carew - ceannphort na Sasanach - acht ní dhéanfadh Carew a fhocal a leasú. D'imthigh sé leis annsin é féin agus a chuid fear ó thuaidh go dtáinig i láthair Aodha Uí Néill.(continues on next page)