Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0254](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0057%2FCBES_0057_0254.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0254
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chuir Aodh Ruadh Ó Domhnaill ar bun le saoirse na tíre a bhaint amach.
Sa mbliadhain 1598 bhí sé in-a sheadh agus d'iarr sé a chuid go dána ar a oncail Uilleog, acht níor thug sé acht cleith is bóthar dhó. Chruinnigh Réamonn chúig chéad fear agus thriall ó dheas go Clár Geal Mumhan ag cuidiú le Iarla Deasmhumhan leis na Sasanaigh a dhíbirt thar cuan amach acht chuir ceannphort na Sasanach sgéala chuige dhá rádh dá ndéanadh sé seo agus siúd go gcuideóchadh siad leis 'un a chuid féin a bhaint amach dó arís.
Threóruigh sé a chuid fear ar ais go h-Urmhumhain agus chuir leitir in dhiaidh litre ag triall ar Carew - ceannphort na Sasanach - acht ní dhéanfadh Carew a fhocal a leasú. D'imthigh sé leis annsin é féin agus a chuid fear ó thuaidh go dtáinig i láthair Aodha Uí Néill.(leanann ar an chéad leathanach eile)