School: An Clochar, Port Omna
- Location:
- Portumna, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Lorcáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Port Omna
- XML Page 0255
- XML “Réamonn De Búrca”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuir Ó Néill sgéala chuig Clainn Riocaird dá iarraidh air cothrom na féinne a thabhairt do Reámonn "Dá mbéadh Reámonn sásta le leithead a bhrait de m'oighreacht" a d'freagair Clann Riocaird "ní thiubhrainn an oiread sin dó i ndíoghal ar chogadh ná ar síothcháin". Ghéaruigh ar an bhfonn díoghaltais ag Reamonn agus adtuaidh leis arís agus sluagh mór fear in-a chuideachta.
Bhí Iarthar oighreacht Clainne Riocaird creachta ag Aodh Ruadh roimhe seo agus dá bhrigh sin chuir Reámonn roimhe Barúntacht Liathdroma a chreachadh an turas seo. De réir na gCeithre Máighistrí do bhain sé amach Tigh Neatha, na caisleáin i mBaile an tSrutháin, Doire, Tigh Neatha, Pálas agis ó dheas go Doire Bhunloim roimh lár an lae.
Chruinnigh Clann Riocaird a chuid fear agus ghluais leis le cath a fhreastail do Reámonn. Nuair a bhain sé Mainistir(continues on next page)