School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0260
- XML “Aifreann an Diabhail”
- XML “An Taibhse sa Teach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)buidheachas mór leis an mac, annsin. D'imthigh leis an mac go dtí an chúairt é féin agus a athair agus a mháthair agus mhair siad go suaimhneach sásta i na dhiaidh sin.
- Bhí fear in a chomhnuidhe i dteach fadó agus bhíodh rud dhá aireachtáil san teach. Bhíodh sé ar crith lé faitcíos. Chuir sé sgéala amach go dtiubhradh sé a mheadhchan féin d'ór go dhuine ar bith a chodlóchadh san seomra. Chuile dhuine a chodlóchadh san seomra bhíodh sé cáillte ar maidin. Bhí fear bocht ag siubhal an bóthar lá agus chonnaic sé go leor daoine ag dul isteach san Seipéal agus buidéal ag gach duine aca. Fuair sé héin buidéal freisin agus líon sé d'uisge coirseacha é. D'imthigh leis annsin. Chas an fear seo dhó agus dubhairt sé go dtiubhradh sé a mheadhchan féin d'ór dhó dhá gcodlóchadh sé san seomra. Nuair a tháinig an oidhche chuaidh an fear bocht a chodladh san seomra agus an buidéal aige. I lár an mheadhan-oidhche d'airigh sé torann ós a chíonn agus ba ghearr go bhfaca sé dhá chos bó ag tigheacht anuas thríd an áiléar agus dubht.an té a bhí thuas dubht. sé "Marach an buidéal atá agat bheadh tú san áit céadna atá mise."
- Collector
- Mícheál Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway
- Informant
- Bairbre Ní Chúláin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway