School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0261

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0261

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0261
  3. XML “Fáisc, Fáisc, a Ribe!”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    breith ar an ngaoith Mhárta atá roimpi agus nach bhfuil an ghaoth Mhárta i na diaidh i ndon breith suas léi; agus an claidheamh soluis a chosnóchas in gach gábhadh thú. Tá do dhriotháir agus na rudaí eile sin a bhí aige 'na gclocha glasa taobh amuigh de'n doras agus seo dhuit an t-slaitín draoidheachta a thiubhras slán iad.
    - Déanfaidh sin, ar seisean. Eirigh 'do sheasamh. Annsin d'fhiafruigh sé dhí, - Cé leis a ngéaróchaidh mé an claidheamh seo? Cén mhaith dhéanfas sí dhom-sa agus í chomh maol le druim speile?
    - Géaruigh í, adeir an chailleach, leis an gcrann is caime annsin amuigh.
    - Ní fheicim-se, adeir an fear, crann ar bith ann is gráinne ná is caime ná tú féin. Agus leis sin thug sé buille dhá chlaidheamh dhí agus mharbhuigh sé í.
    Annsin chuaidh sé taobh amach agus bhuail na clocha glasa leis an t-slaitín draoidheachta agus thug sé ar ais a dhriotháir, a chapall, a chú agus a sheabhac. Abhaile leo annsin in éindigh, - an mac a raibh an comhartha cluas air chuig a theach féin agus an mac eile abhaile chuig a mháthair baintreabhaighe.
    Ó Sheán Ó Cúláin, Cor na Rón a fuair Máirtín Ó Cúláin (13), Sgoil Shailearna (b) an sgéal seo.
    Fuair Seán bás dhá mhí ó shoin in aois a 40 bl. 3 Iúl '36
    Chualas leagan do'n sgéal seo i mBéarla i n-Áth Chaisle, i bparráiste Chaisleán Uí Ghreighra, Co. Chiarraidhe. Féach leat Cnuasach Mhichíl Uí Dhomhnaill O.S. Áth Chaisle. T.Ó S.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Cor na Rón, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Cor na Rón, Co. Galway