Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amhlaidh agus d'eirigh an Each agus rug seisean ar an éan agus bhain sé an solas as a ghob agus céard a bhí ann ach dlaoi gruaige Inghean Rí an Domhain Thiar agus í ar lasadh. Thug an Giolla an dlaoi gruaige ar ais go h-Alabain agus chuaidh sé amach ins an stábla agus las sé í.
Thárla go bhfaca an Rí an Lasair agus fuair sé caidéis dhi. D'fhiafruigh sé den ghiolla céard a las sé agus dubhairt an giolla leis gur cipín Soluis é. Dubhairt an Rí leis nár bh'eadh ach dlaoi gruaige agus pé ar bith áit ar a bhfuair sé í go gcaithfeadh sé an duine ar ar fhás sí sin air a thabhairt ar ais aige. D'imthigh leis an ngiolla go dtí an each bán agus d'innis di an sgéal go brónach. Dubhairt an each leis a dul ar marcaidheacht agus tiomáilt leis nó go sroicheadh sé geata inghean Rí an domhain thiar.
D'imthigh leis an ngiolla nó faoi dheire gur shroich sé ceann scríbe. Ach nuair a bhí sé ag tarraingt ar an áit dubhairt an each bhán leis gan a dul isteach thar an ngeata ach fanacht taobh amuigh agus go rachadh sí féin siar agus aniar thar dhoras inghean ar Rí. Dubhairt an each bhán go ndéanfadh sí capaillín deas dhi féin agus nuair a d'fheicfeadh inghean an Rí í go mbeadh an-spéis aici innti agus tar éis tamaill go rachadh sí féin amach thar an ngeata agus an giolla a bheith ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 25
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. na Gaillimhe