School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0462

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0462

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0462
  3. XML “Speireadh na mBó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Níl oiread salainn i nGaillimh is d'fhóireóchadh do chás
    Ach Peadar le spailpín agus Seoigheach le sábh
    Mura ngabha siad de mhaide air ón mbun go dtí an barr.
    IV.
    "Go té sin", adeir inghin Éamoinn "atá a' speireadh na mbó?"
    "Mise," arsa [Éibhear], "mar is beag é mo spéis as aon Seoiníneach beó
    Dar Aon Mhic a' Dé dhom mara ndéantar mé ghabháil ("ghóil")
    Ach leigfead féár fada 's Sméarlach ar Shailearnaigh Mhóir".
    V
    I Leamh Choill 'seadh sáruigheadh Uilioc Ó hAodha
    Nuair a cuireadh a cháirdí ar cheangal na féith'.
    Mo ghrádhsa na buachaillí atá ceannasach tréitheach
    Chuireas Ránaidhe na Bláthaighe ó channacht an fhéir!
    VI
    "Érigh," arsa [Eibhir] le duine dhá chloinn,
    "Is féach a' bhfuil aon fhéith in Uilioc Ó hAodha."
    "Tá óirse dhá ghléas' ann is bainne dhá dhíol"
    "Séal' orm féin 's as mo charaid má bhíonn!"
    VII
    'Sé an féásta a chuir [Eibhir] chuig Uilioc ó h-Aodha
    An fhéith is an mhéadail an t-seicne 's an tsrón:
    Marab áil leis an méid sin 's go bhfeileann sé dhó
    Cuireadh sé sgian in a thaobh deas is speireadh sé bó!
    Uilioc Ó h-Aodha - "Uilioc Gearr" - feilméar i Suidhe Con. Tugadh Ránaidh na Bláthaighe air mar go mbíodh ag cur bainne amach go h-Uachtar Árd chuig Beairric na Saighdiúirí. Cheannaigh sé feilm thalmhan ag Leamhchoill in áit a dtugtar Cnoc [Rathinighe] air - feilm a raibh an tighearna tréis duine chur amach aisti. Chuaidh tionóntaidhthe na háite ansin ag speireadh na mbó air. Tá Uilioc curtha i Rinn Mhaoile. Tá a bhunadh fós i mBaile na mBrabhach (an Spidéal) - .i. muinntir Choilm Team Uilioc.
    (Tadhg Ó Séaghadh)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Tadhg Ó Séagdha
    Gender
    Male
    Informant
    Diarmuid Ó Donnchadha
    Gender
    Male
    Age
    18
    Address
    Galway, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Dhonnchadha
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    70
    Address
    Na Forbacha, Co. Galway