Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níl oiread salainn i nGaillimh is d'fhóireóchadh do chás
Ach Peadar le spailpín agus Seoigheach le sábh
Mura ngabha siad de mhaide air ón mbun go dtí an barr.
IV.
"Go té sin", adeir inghin Éamoinn "atá a' speireadh na mbó?"
"Mise," arsa [Éibhear], "mar is beag é mo spéis as aon Seoiníneach beó
Dar Aon Mhic a' Dé dhom mara ndéantar mé ghabháil ("ghóil")
Ach leigfead féár fada 's Sméarlach ar Shailearnaigh Mhóir".
V
I Leamh Choill 'seadh sáruigheadh Uilioc Ó hAodha
Nuair a cuireadh a cháirdí ar cheangal na féith'.
Mo ghrádhsa na buachaillí atá ceannasach tréitheach
Chuireas Ránaidhe na Bláthaighe ó channacht an fhéir!
VI
"Érigh," arsa [Eibhir] le duine dhá chloinn,
"Is féach a' bhfuil aon fhéith in Uilioc Ó hAodha."
"Tá óirse dhá ghléas' ann is bainne dhá dhíol"
"Séal' orm féin 's as mo charaid má bhíonn!"
VII
'Sé an féásta a chuir [Eibhir] chuig Uilioc ó h-Aodha
An fhéith is an mhéadail an t-seicne 's an tsrón:
Marab áil leis an méid sin 's go bhfeileann sé dhó
Cuireadh sé sgian in a thaobh deas is speireadh sé bó!Uilioc Ó h-Aodha - "Uilioc Gearr" - feilméar i Suidhe Con. Tugadh Ránaidh na Bláthaighe air mar go mbíodh ag cur bainne amach go h-Uachtar Árd chuig Beairric na Saighdiúirí. Cheannaigh sé feilm thalmhan ag Leamhchoill in áit a dtugtar Cnoc [Rathinighe] air - feilm a raibh an tighearna tréis duine chur amach aisti. Chuaidh tionóntaidhthe na háite ansin ag speireadh na mbó air. Tá Uilioc curtha i Rinn Mhaoile. Tá a bhunadh fós i mBaile na mBrabhach (an Spidéal) - .i. muinntir Choilm Team Uilioc.(Tadhg Ó Séaghadh)- Bailitheoir
- Tadhg Ó Séagdha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 18
- Seoladh
- Gaillimh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe