School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 629
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)24) Beatha dhuine a thoil25) Is minic dubhchan mór ar bheagán feathrainne26) Má's cam díreach an ród sí an t-slighe mhór an aithgiorra
27) An rud a bhíos ins an bhfuil is deacair é bhaint as an bhfeóil
28) Nuair a bhíos an cat amuigh bíonn an luch ag rinnce29) Is furasta fuint (fuinneadh) in-aice na mine
30) Ná sanntuigh cailín Domhnaigh agus ná trostuigh caora Fóghmhair
31) Is minic a bhain duine slat a bhuailfeadh é féin32) Nuair a bhíos an t-ól istigh bíonn an chiall amuigh33) Is feárr an t-sláinte ná na táinte ar chnoc34) Is ait an mac an saoghal35) Is maith an mac an saoghal36) Níor thaínig olc idtír nach feairrde duine éigin37) Tosach maith leath na h-oibre38) Droch thosach gníos críochnughadh maith39) Is feárr beagán de'n ghaol ná mórán de'n charthannas 40) Is furasta fuileadh ar cheann carrach41) An té buailtear sa mullach bíonn faitchíos air42) Is námhaid í an cheird gan a fóghluim43) Is maith an fear é an faitchíos
44) Leag biadh ag duine beó agus mara n-ithidh sé é leigeadh sé dhó
45) Is glas iad na cnuic i bhfad uainn46) Ní thagann an duilleabhar ar chrann a críonas is ní thagann an óige fá dhó choidhche
47) (-)48) Ní sníomhfar an breídín mara dtiubharfaidh tú taé do na mnáibh
49) Ní'l olc i dtír nach feáirrde duine eígin(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway