Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí bacadh ann fadó agus bhíodh sé ag lorg déirce. Chuaidh sé isteach í dtig agus fuair sé gráinne cuirce...”
Bhí bacach ann fadó agus bíodh se ag lorg déirce. Chuaidh sé isteach í dtig agus fuair sé gráinne cuirce. Cuaidh sé isteach í dtigh eile agus dúbhairt sé le bean a' tíghe é coimeád go dtiocfhadh sé isteach arís. Nuair a bhí sé amuigh tháinigh cearch isteach agus d'ith sí an coirce. Nuair a táinigh sé ar ais d'fiarraidh sé de bhean an tíghe cá raibh an coirce agus dúbhairt seisean gur ith chearch é. Thóg an bachach an chearc 'na {n-ioonad} agus chuaidh sé go dtí tigh eile agus dúbhairt sé le bean an tíghe an chearc do choimeád go dtiocfadh sé ar-ais. Nuair a bhí sé amuigh tháinigh an much isteach agus d'ith sí an chearc. Nuair a tháinig an bacach ar ais dúbhairt an bean leis cad a thárla, "Is liom-sa an muc" ar seisean, "Ní leat" ars an bean, ach b'éigin do'n mbean an much a sgaoileadh leis. Thomáin se an muc isteach í dtig eile agus dúbhairt sé le bean an tíghe an much a coimeád dó. Nuair a tháinigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó hUallachaín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó hUallachaín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry