Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Tullaha, Co. Kerry
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 305

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 305

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 305
  3. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Paidreacha
    Uimh. 1. Beirimíd buidheachas an bheatha-so lenár Slánuightheoir, Íosa Críost, an Té a thug an bheatha so dúinn go dtugaidh Sé beatha shíoraighe agus leabaidh Chríostaidhe dár n-anmanna, go dtugaidh Sé réidhteach ar ár gceasnachaibh agus díol ár seana-fhiacha agus biadh gan aitheas gan náire. Go dtugaidh Dia mór na glóire dúinn i gcómhnaidhe é.
    Beannacht Dé le hanmanna na marbh go léir, Caitilicigh i bpurgadóireacht agus na seacht sinnsear d'fhág sinn; agus má tá aon smut nú dorchadas ón saoghal so - dearmad Aifrinn, nú briseadh lá shaoire nú Domhnaigh go dtógaidh (dtógfaidh sa lámhscríbhinn) Dia dena hanmanna bochta é.
    Uimh. 2. Paidir eile
    Tá ceithre cúinne sa leabaidh
    Tá ceithre aingeal timcheall orm
    Má gheibhim bás sara ndúiseóchadh
    Do Dhia tugaim mo anam le tógaint.
    Amen.
    Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Milíní, [An] Bunán.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Suilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Milleens, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Tadhg O Úrdail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tullaha, Co. Kerry