School: Gleann na gCoileach (roll number 1583)
- Location:
- Glannagilliagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann na gCoileach
- XML Page 052
- XML “Fearann Tóirín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ann. Do bhíodh sé ag meilt mine, ach tar-éis tamaill do theip air an seana muileann do coiméad ar siúbhal. Ba le muinntir na Ráel an talmhan ar an dtaobh thíar agus an dtaobh thoir, ach cuireadh as seilb iad as an talmhan ar an dtaobh thoir de'n loch agus tugadh an talmhan go dtí na Martins, Lakes, Talbots, Leslies, and Curtins. Protústanaig ab'eadh an dream seo. Tá na Talbots ann fós is le muinntir an Luinneacháin an chuid a bhí ag na Lakes. Tá na Leslies ann fós agus do dhíol na Martins a cuidh talmhan, do Mach Uí Clúbháin. Bhí sean-fhear 'na chómhnuidhe san áit seo tímcheall fiche blian ó shoin dar b'ainim dó Jonny Lake, figeadóír ab'eadh é agu bhíodh sé ag díol plainín i gCill Orglan. Tá na "Gownies" na gcómhnuidhe fé láthair ar an dtaobh thíar de'n loch sa talamh bocht, ach san áít seo leis bhí an cuid is tórtha de'n talamh bainnte dóibh agus tugadh do mhuinntir De Búrca é. Tá fear ann fé láthair gur b'ainm dó Mansell. Tá fear na chóhnuidhe i Gleann-Cotain agus is é an leas-ainm acu nó Miceál-na-h-abhann. Sé an fáth go nglaodhtar an ainim sinair ná go mbíodh a sean-athair ag casadh an t-uisge ó'n abha Oileán Uachra, isteach go dthí an chaol go dthí Feathrann Tóírín.
- Informant
- H. Constable Reilly
- Gender
- Male
- Age
- 80