School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. M. de Lourdes Stac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nách cheart dul isteach i dtig nuadh 'gan fód móna nó rud éigin do thabhairt isteach ann
Nách cheart do dhuine aon nídh d'iomchar ar a guailnibh ag cur táirsigh an dorais isteach de, nó má bheireann ní bheidh breis fás fé
Nách cheart seasamh idir éadach bán a bheadh 'á thiormú, agus an teine
Nách cheart sméaroíd teine do leigint amach le linn na coiginne bheith' á dhéanamh
Nách ceart do dhuine a cheann do bhearradh Dé luain "Bearradh an luan, cur san uaig"
Nách cheart bheith i dtosach ná i ndeire socraide
Nách cheart uisge na gcos do chaitheamh amach ist' oidhche
Nách cheart dul amach fé éadach bhán san oidhcheNach cheart solus do chur in éág Oidhche NodhlagNách cheart bheith ag feadhghail san oidhche
Nách mbeadh aon rath ar dhuine ar feadh an lae, dá mba bean an chéad duine a bhuailfeadh leis ar an mbóthar maidin lae aonaigh
Go mbíonn droch-rath ar dhuine ar feadh seacht mbliadhna má bhriseann sé cupán nó aon driotháir dó
Gur cheart uisge glan do bheith istigh i gcóir na h-oidhche
Go ndeineadh gach bean tíghe coigeann Lá Bealtaine, nó muna mbeadh adhbhar an coiginn aici, deineadh sí ím i mbuideal, agus coimeádadh sí trí píosaí de'n ím sin ar feadh na bliadhna, agus caitheadh sí ruaine beag di isteach i ngach tubán ime a bheadh aici i gcaitheamh na bliadhna
Go mbíodh leisge ar na daoine an teine d'adú maidin Lae(continues on next page)