School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 214

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 214

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 214
  3. XML “bhFuil Fhios agat”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Is ceart paidir do rádh dhó, nó fós, roinnt airgid a thabhairt do dhuine bocht thar ceann an duine mhairbh.
    Tímcheall a dó a clog san oidhche a póstaí lánamha fadó.
    Uisge beatha a bhíodh ar pósadh fadó agus bíodh rinnce ar phósadh san gcéad.
    Bhí fear i nDairbhre fadó,agus mhair sé go dtí go raibh sé trí céad bliadhain. Léithín Dairbhreach ab ainm dó.
    Deirtear gurb'é an fáth go bhfuil cnapán so-fheisgthe i sgórnaigh fir ná:- Nuair a bhí Adhamh, athair na cine daonna, ag ithe an ubhaill, nár cheart dó aon lámh a bheith aige ann, cuimhnigh sé ar órdú a Cruthuightheóra agus píosa de'n ubhall 'n-a bhéal aige. Chuir sé a lámh mór timcheall a sgórnaighe chun ná leigfeadh sé síos é, agus stad an t-ubhall 'n-a sgórnaigh, agus bhí sé 'n-a cnapán ann, agus 'n-a cnapán ar sgórnaigh gach fir riamh ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Tá uair na hathchuinge ann, sé sin go bhfaghadh duine a athchuinge, dá mbeadh sé ag guidhe chun é d'fhághail, an uair aírighthe de cheithre uaire fichead an lae.

    You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continues on next page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish