School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 251

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 251

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 251
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí cailín ann uair, agus nuair a rugadh í dubhairt scoláire bocht rud éigin nár thaitin le muintir an tighe mar gheall ar an leanbh.

    Bhí cailín ann uair, agus nuair a rugadh í dubhairt scoláire bocht rud éigin nár thaitin le muinntir an tighe mar gheall ar an leanbh. Chualadh an t-athair mar gheall air, acht n'fheadar sé cad é. Bhí an sgoláire imthighthe, agus dubhairt an t-athair ná codlóchadh sé an tarna oidhche in aon leabaidh, ná íosfadh sé an tarna béile ar aon bhórd, go dtí go bhfaghadh sé amach an chainnt a chaith an sgoláire. Do lean sé an sgoláire agus tháinig sé suas leis ag bóthar ceithre cros. D'fhiafruigh sé de'n sgoláire cad é mar shaghas cainnte a chaith sé uaidh nuair a bhí sé in a thigh féin. Dubhairt an sgoláire gur chuma do anois, agus nách feárrde dho é a chlos. Do bhí sé ag dlúth-thathant air go dtí gur innis sé dho é. agus dubhairt sé "dhá méid duadha an leinbh sin a gheobhair, agus dhá mhéid córa a chuirfidh tú uirthe, ag an dardaol a bheidh sí sa deire." Bhí san go maith agus tugadh gach aon nidh ar fheabhas do leinbh sin oideachas, oileamhaint, agus mar sin de. Lá amháin do bhí an líon-tighe go léir ag an Aifrinn, agus bhí sí seo a bhfeidhil an tighe. Bhí sí fasta suas fe'n am so. Cad a thiocfadh isteach fé bhun an doruis acht dardaol, sin saghas péiste ar dhath agus ar mhéid na ciaróige. Chonnaic sí an dardaol ag teacht isteach agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish