School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 021
- XML “An Sagart agus an Garsún”
- XML “An Sagart agus an Garsún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)21beag. Maidean Dé Domhnaig airís, do ghaibh an sagart thar brághaid, agus bhí Seán san áit céadhna roiumis. Seadh " a Sheaín arsa'n sagart, ar dheinis an rud san adubhart leat. Ó arú dheineas arsa Seán, ach [?] mbeirid an diabhal Ár n-Athair atá ar Neamh leis, mar do bhris [?] cos Go mbeannuighthear duit a Mhiure.[?] an duine go bhfuaras an scéal uaid. Conchúbar Ó Dálaig.a aois. 62 bliadhna.
a sheóladh. Ceannárd, Baile'n Sceilg.Síghle Ní Shúilliobháin. - Bhí sagart paróiste i gCíll Orglan fadó, agus maidean Domhnaigh bhí sé ag dul go Gleann Cárthaig ag léigheadh Aifrinn. Do Chonnaic sé scata garsúin ag imirt báire ar páirc a bhí ar thaobh an bhóthair. Labhair duine des na garsúin agus dúbhairt sé fear maith 'a dhiabhe is fear maith a dhiabhail. Do Léim an sagart anuas dá chapall,agus níor bhraith an garsún aon nídh, gur bheir sé greim ar dhá chluais air. Ní móide go bhfuil do phaidreacha chómh maith san agat arsa 'n sagart. Tá gach ar múineadhd díobh dom agam arsa an garsún.Cé mhéid Dia ann arsa 'n sagart. Bog dem' chluasa arsa 'n garsún,agus inseoidh mé duit é. Cé mhéid Dia ann arsa an sagart an tarna uair. Bog demh chluasa , agus innseófaid mé duit é arsa an garsún. An trímadh uair d'fiafruig an sagart de cé mhéid Dia a bhí ann. Bog dem ' chluasa agus inneósfaidh mé duit(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Mac an Roigh
- Gender
- Male
- Age
- 66
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry