School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do chuaidh Dómhnall Ó Conaill aon uair amháin anonn go Sasana. Chuaidh sé isteach go tig óil, agus do casadh dream de sna Sasannuigh air istig agus é ag ól. San oidhche ab eadh é, agus ba ghearr go rabhadar ag tabhairt óil do. Do chuir duine acu nimh i gceann de sna gloinní. Bhí cailín aimsire sa tig, agus do chonaic sí cad a deineadh, agus seo mar a dubhairt sí le Dómhnall -
'' A Dhomhnaill Uí Chonaill, a dtuigeann tú Gaedhlinn?''
Tuigim a chailín, agus air maireann dom
''Tá salann ar do phraisig, agus í dhá té dhuit,
Múc an solas agus aithrig an taepot''.
Do thuig Dómhnall an cailín agus b'aithin sé cad a bhí déanta acu.
Dubhairt sé leo go múineadh sé féin cleas dóibh ná feacadar riamh agus thosnuig sé ag cur na gloinní tré na chéile, go dtí gur aithrig sé an ceann go raibh an nimh ann, agus seo mar adubhairt sé
''Melbro, Melbro, a Sheáin na Múrna
Bain ribe tfheasóig agus cuir seol fútha''.
Ba ghearr gur thosnuig na Sasannaigh ag déanamh an cleas céadna leis na gloinní, agus ní raibh fhios ag aoinne cá raibh an ceann go raibh an nimh ann. Dubhairt Dómhnall leo gur theartaigh uaidh dul amach. Ní leogfaidís amach é ar eagla go n-imtheóchadh sé uatha. Dubhairt sé go bhfágadh sé a hata acu go dtí go dtiocfadh sé thar nais. Do leogadar amach é, agus ní raibh sé amuigh nuair a thuit duine acu istigh. Níor stad sé gur thainig sé abhaile ar Dar Fionan. Do chuir sé fios ar an gcailín, agus thug sé leis anall í, agus thug sé a dhóthain don t-saoghal dhi agus do(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Informant
- Bríghid Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry