School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 105
- XML “Nár Leogaidh Dia Aon Fheoil Dhíobhálach chugainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí morán des na daoine fadó ann agus do cheapaidís dá bhfághaidís feóil go dtreabhfaidís na cnuic. Bhí Lánamha de Mhuinntir Caoimh in-a gcómhnuidhe in áit éingin ar fuaid na mball so , agus bhí dúil an domhain ag an bhfear i mblúire feóla. Bhíodh sé ag iarraidh ruainne a sholáthar chuige féin i gcómhnuidhe agus ba chuma le na mnaoi aon ní mar gheall air feóil agus níor chás uirthe go bhfeicfeadh sí coidhche aon fheóil. Do thárluigh go raibh moltachán caorach aca uair. Do theastuig ón bhfear é marbhadh agus am'Briathar má theastuig ní leogadh a bhean dó é i síghe go ndeigheadar chun aignis, cun áitimh, cun achrainn le chéile. Má chuadar do fuair an bhean an ceann ab feárr don scéal, agus níor marbhuigheadh an moltachán, siúd agus gur coisceadh an fear an iarracht san. D'fhan miana na feóla i gcómhnaidhe aige , agus is minic do mhóidígeadh sé ina aigne féin, dá mbeadh sé 'na áirighthe an t-anam do chailleamhaint leis go mbeadh ainirthe aige ar an moltachán. Fear mór siúbhalóid oidhche abh eadh é agus is annamh an oidhche ná bíonn sé amuigh agus amuigh go déanach. D'fanadh a bhean bhocht suas ag feitheamh leis agus is baoghalach mór ná tugadh sí aon(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Murchadha
- Gender
- Female
- Informant
- Micheál Bán Mac an Roigh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry