School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 071
- XML “Más Cam Fillfidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an tsean - aimsir fadó sar ar raibh aon tsolas sa Sceilg.Bé an duine gur leis an chloch san am san ná an Seana- Bhuithléarach ar an gCoirreán agus maireann cuid dá threabhachas fós ann. Do bhí cúigear nó seisear fear tógtha ar a bpágh aige chun féachaint i ndiaidh na cloiche agus gan leogaint daoinne aon chur 'isteach ar na h-éanlaithe a bhí na gcómhnuidhe innte. Ón Rínn i mBaile 'n Sgeilg ab eadh iad san mar fhearaibh agus théighdís cúpla uair sa tseachtmhain i rith an t Samhraidh le bád sa chloich. Seán Ó Leidhin ab ainm den fhear a bhí mar captaoin ortha. . Aon mhaidean amháin is iad ag dul ann is nuair a bhíodar ag cur Ceann Bólais amach díobh do labhair duine de 's na fir. Donnchadh Ó Drisceóil ab ainm de agus fear ana ghéar radhairceach ab eadh é. Tá an chloch robálta ar seisean leis na fir. Cá bhfios duit ar siad san. Tá bád i gCuas an Daill sa chloich agus crann na sheasamh innte. Is amhlaidh a bhí an chuid eile ag gáiridhe fé mar bhí an chloch naoi míle uaidh san am san.. B'fhíor de mar nuair a shroiseadar an Sgeilg bhí naomhóg ón nDaingean ann rómpa agus na fir i dtír agus bhí mórán éanlaithe marbh acu. Thugadar fé mhuinntir an Daingin a thógaint chun príosúnaigh a dheanamh díobh ,ach do bhí cath mór acu ar slíghe gur briseadh lámha agus cosa chuid acu agud do cheangaluigheadar annsan iad agus thugadar leó sa(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Eamonn Ó Leathlobhair
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry