School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tamall tar éis d'Oisín teacht ó Thír na n-Óg bhí sé i dtig áirithe, agus bhí cailín aimsire sa tig. Aon lá amháin dhein sí císte agus seo mar a dubhairt Oisín. "Do chonnac-sa biollóg aithnáin ba leithne ná do theinteán. Is breágh dhuit", arsan cailin. Lá eile bhí rolla ime aici agus dubhairt sé "Do chonnac-sa caorthán cárthan ba mhó ná do rolla ime. Is breágh dhuit", ar sise. Do bhí ceathrú mairt aici lá eile, agus dubhairt sé. "Do chonnac-sa ceathrú lon ba mhó ná do cheathrú mairt". D'fhan an scéal mar sin. Bhí gadhar sa tigh agus bhí coileáin le bheith aici. Dubhairt Oisín leis an mbuachaill an chéad coileán a bheadh aici a choimeád do. Do dhein, agus nuair a fhás sé bhí se 'na ghadhar mór. An lá seo dubhairt sé leis an mbuachaill go raghaidís ag fiadhach. D'imthigheadar leo agus nuair a thangadar go dti taobh cnuic bhi tri galán cloiche ann. Dubhairt Oisín leis an mbuachaill a lámh a chur ar an gceann láir acu san. Do dhein agus leag sé í. Cad a bheadh thíos fúithi ach úirlis ceoil. Do thóg Oisín suas é agus thosnuig se ag seinm. Níor chualaidh an buachaill aon cheól chómh breágh leis riamh. Do bhailibh na h-éanlaithe go léir a bhí sa spéir tímcheall ortha. Dubhairt Oisín leis an mbuachaill féachaint an bhfeiceadh sé aon nídh sa spéir. Ba ghearr go bhfeaca sé rud éigin mór ag teacht anoir adthuaidh. Nuair a bhí sé ag déanamh ortha dubhairt oisín leis an mbuachaill an coileán a thabhairt chuige agus é dhíriú air. Do dhein, agus cad a bhead ann ach lon dubh(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Informant
- Bríghid Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry