School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí buachaill aimsire ann fadó agus bhíodh sé ag imtheacht ó áit go háit ar lorg oibre. Uair amháin chuaidh sé ag obair d'fheirmeoir áirithe agus bhí an feirmeoir ana chruaidh air. Do bhíodh air eighe go hana mhoch ar maidin agus dul amach sa ghort ag obair , gan aon bhricfeast, agus do bhíodh air bheith ag obair go dian ó dhubh go dubh agus ó Luan go Satharn. Sa deire ,dubhairt sé leis féin go nimtheochadh sé leis mar níor fhéad sé é sheasamh níos sia. Do bhailig sé leis lá mar seo, agus bhí sé ag cur de ,de ló agus d'oidhche, oidhche anso aige agus oidhche annsúd. Bhí sé ag cur an bhóthair de lá mar seo agus do bhuail an t-ocras é. Do chonaic sé tig bhréagh ar thaobh an bhóthair agus do chuaidh sé go dtí an doras, ach ní raibh aoinne 'na comhnuidhe sa tig sin. D'imthigh sé leis agus do chuaidh sé go dtí an tig ba ghiorra dhó.Chuaidh sé isteach ann. Do bhí buachaill agus cailín annsan mar thig, agus d'fháiltigheadar roimis. Do bhí prátaí beirbhthe agus feól aca agus do chuireadar ar an mbórd iad. D'fhiafruigheadar de a níosfhad sé agus dubhairt s,e go níosfadh. Nuair a bhí deire ithe aca thuadar seal ag cainnt agus sa chómhrádh dóibh d'fhiafruig sé de'n mbuachaill céir leis an tig breágh sin gur ghaibh sé thairis ar an mbóthar agus ná raibh aoinne ina chómhnaidhe ann. Dubhairt an buachaill gur leo féin é sin mar thig agus an tig go rabhadar 'na gcomhnaidhe ann chómh maith.(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Mac Giolla Padraig
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Dungeagan, Co. Kerry