School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Doo théigeadh buachaillí fadó ,pósta agus sgaoilte go Condae Luimnigh ó Bhaile 'n Sgeilg ag tuilleamh a mbeathadh . Bhí fear amháin agus do bhailigh sé leis agus d'fhág sé a bhean agus seisear clainne na dhiaidh. Bhí an mac críonna seacht mbliadhna d'aois nuair fhág sé an baile. Bhí sé ag cur de riamh is chóidhche go dtí gur shrois sé Tráighlí. Do dheaghaidh sé isteach i dtig cois na sráide agus do loirg sé lóisdín na h-oidhche. Dubhairt fear an tíghe go bhfaigheadh is fáilte." Cá bhfuil tú ag dul? " arsa fear an tíghe leis."Táim ag lorg máighistir" ar seisean. " Is maith mar a tharla" arsa fear an tíghe." Buachaill ar lorg máighistir agus máighistir ar lorg buachalla. Is tú atá uaim" ar seisean." An fada ba mhaith leat go n-oibreóchainn duit?" arsa fear Baile'n Sgeilg. "Bliadhain arsa an fear eile." Agus cad é an págh a thabharfá dom , arsa fear Bhaile 'n Sgeilg." Seo an págh a thabharfad duit" ar seisean ,go dtabharfá bliadhain oibre dhom ar chomhairle"!Is beag liom mar phágh é ", a dubhairt fear Bhaile 'n Sgeilg." Is cuma dhuit ," adubhairt an fear eile , bféidir go n-oirfeadh cómhairle duit. Do thug sé an bhliain aimsire d'fhear an tíghe. Nuair a bhí an bhliadhain suas(continues on next page)
- Collector
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Dómhnaill Ó Cróinín
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- Dungeagan, Co. Kerry