School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sagart paróiste ag dul ó Dhúngégáin go dtí an Gleann maidean Domhnaig chun Aifreann do léigheamh. Trí chómhangar an chnuic do ghaibh sé, mar ní raibh aon bóithre ann san uair san ach cosáin. Bhuail garsún leis ar an gcnoc, ag aodhaireacht gabhar. Do labhair an sagart leis, agud d'fhiafruig sé de, cad ab ainm . Seán is ainm dom arsa an garsún, Cad fá ná fuileann tú ag dul go dtí an t-Aifreann arsa an sagart.Ó caithfeadh aire a thabhairt do'n dá ghabhar so , mar níl sa tsaoghal agam féin agus agam 'mháthair ach iad ( dá ghabhar so) , agus dá n-imtheóchadh aon ní ortha , bhíomair creachta go deó. B'hfuil do phaidreacha agat arsa ana sagart leis. Níl paidir ná cré agam arsa Seán mar níor múineadh dom chuige iad. Seadh anois, a Sheáin, bheinn ana bhuidheach díot , dá ndéanfá a méid seo orm. Déanfadh arsa Seán mar a bhfuil sé ró thrioblóideach. Ó níl sé trioblóideach i -n aonchor arsa an sagart. An bhfeiceann tú an gabhar mór sin ansan, glaoid " Ár n-Athair atá ar Neamh ar sin,agus an bhfeiceann tú an gabhar beag, glaoidh" Go mbeannuighthear duit a Mhuire ar sin, agus abair é sin trí uaire gach maidean, agus tiocfad ag cainnt leat arís Dé Domhnaigh seo chúghainn. Ó déanfad ssan arsa Seán, mar is fuiriste é dhéanamh. Seadh , bhí san go maith, is ní raibh go h-olc, go dtí tráthnóna Dé h-Aoine. Bhí an dá ghabhar ag inbhear anáirde ar splinnc carraige, agus Seán 'á naodhaireach mar ba ghnáth. Thug an gabhar mór poc do'n ghabhar beag , agus do chaith le fánaid é agus do briseadh a chos., Bhí Seán go craidhte, agus do thóg sé leis abhaile an gabhar(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Gender
- Female
- Informant
- Conchúbhair Ó Dálaig
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Cinn Aird Thoir, Co. Kerry