School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear a bhí ag teacht ó'n gcéardcháin oidhche agus capall iallaite aige.Do casadh garsúinín air. B'é gnó an gharsúinín ná bheith ag léimrig ó 'n dtaobh thiar de anáirde ar an gcapall. Bhí slabhra an chapaill ag an bhfear . Do bhuail sé an slabhra ar an dtaobh thiar de slígh is ghaibh sé ar an ngarsún leis, an slabhra. Thug sé leis abhaile é isteach sa tigh. Bhí sé lán de dheiligneacha, ar nós na gráineóige, Níorbh fhada go dtáinig sean -bhean go dtí an dorus.. " A Sheáinín ," adubhairt sí" Is minic mise ag tabhairt cómhairle duit-se leogaint do's na daoine a ghabhann thar bóthar. Féách anois an tslíghe go bhfuilir . Mhuise scaoil chúgham é , ar sise. D'oscail sé an dorus agus scaoil sé amach é. Is geárr gur chualaidh sé ag cainnt iad. N'fheadar , adubhairt an t-sean-bhean . Ar ínnseas dó cad é an brígh a bhí le ubh an tsicín dhuibh? "Níor ínnseas " adubhairt an buachaill.
- Collector
- Síghle Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Informant
- Bríghid Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry