School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Ballyhearny West, Co. Kerry
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Le linn ár sinnsear is mó iad na hainmhidhthe fiadhna a bhí san dtír. Ceann díobh san dob eadh an sionnach. Bhíodar san go hana flúirseach ar fad, agus níl ach foth cheann le feiscint indiú.Nuair a bhéarfaí ortha san, coimeádfaí na fionnaí. Bhí leigheas i dteannga an sionnaigh leis. Bainfidís an teanga de’n mhada ruadh mharbh chun é do chun é do chur le tineas éigint agus do bhíodh ceann díobh i ngach ceanntar.Bhí tíghearna talmhan ins an nGleann uair amháin agus bhí sgata madraí aige istigh in áit le fallaí árda tímpeall air. Bhí staighre ag dul suas go dtí a bharr ó’n dtaobh amuigh. Oidhche amháin chonnaic an tíghearna sionnach ar a bhárr agus é ag léimrigh agus ag feuchaint ar na madraí. Ní rabhadar ábalta ar é do mharbhú.An oidhche a bhí chúghainn chuaidh an Tighearna féin ag faire air, nuair a tháinig sé do chaith sé isteach imeasc na madraí é, agus do stracadar as a chéile é. Do choimeád an tíghearna an teanga. Do leigheas an teanga sin fear le tineas uabhásach in a láimh, agus deirtear go raibh sé tímpeall na h-áite go dtí le fíor déanaighe.
- Collector
- Bríghid Ní Chúipéar
- Gender
- Female
- Address
- Tinnies Lower East, Co. Kerry
- Informant
- Máire Ní Chonaill
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- Coarha Beg, Co. Kerry