School: Drom Dhá Liag (C.) (roll number 12230)
- Location:
- Drimoleague, Co. Cork
- Teacher: Bean Uí Dhrisceoil
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Drom Dhá Liag (C.)
- XML Page 059
- XML “An tAonach Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)t-sráid agus spórt an domhain aca. Ach tá an nós sin imthighthe anois.
I mbéal oideas an pharóiste deineann lá an Aonaig mhóir deighilt mhór idir an aimsear a chuaidh roimhe agus an aimsear a thagann in a dhiaid. Cuir i gcás ní chuimhneochad aon duine san áit ar sméara dubha a ithe in dhiaidh an lae seo mar ceaptar go bhfagfeá an bolgach dá bhárr. Má bhíonn tú gan aon bharra arbhair a bheith sábháilte agat i roimh an lae seo tá sé chómh maith agat é fhágháil amuig fé'n speír ar fad már ná bíonn tairbhe ar bith as na dhiaidh san. Rud eile má bítear ag trácht ar rud ar bith a thárla an bhliadhain seo a ghabh thart deirtear gur thárla sé an méid seo aimsire roimh no in diaidh lá an Aonaig Móir.
As mo stuaim féin