School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Eibhlín Ní Cheallacháin, Cathair na Cátha. Aois – Aon bhliain déag
24-1-’38
Béaloideas – Scéal
Do bhí sagart ann uair agus ní thabharfadh sé aon ní d’éinne. Do chuir Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin geall le feirmeoir go bhfaigheadh sé suipéar agus lóistín uaidh. Do chuir an fear geall leis ná faigheadh.
D’imigh Eoghan go tigh an tsagairt ag titim na hoíche. Do bhuail sé ar an doras; do tháinig an sagart amach agus arsa Eoghan leis:- “An té a gheobhadh airgead ag dul amú cad ba cheart do a dhéanamh leis?” Do stad an sagart tamall agus ansan duairt:- “fan go [dtí] maidean, tá sé ana-dhéanach anois.” Do thug sé suipéar do Eoghan agus lóistín na hoíche agus nuair a bhí an breicfeast ite aige duairt an sagart:- “Cá bhfuil an t-airgead a fuairis ag dul amú?” “Ar ndóin,” arsa Eoghan, “ní duartsa go bhfuaras airgead ag dul amú, ach cuir i gcás dá bhfaighinn cad ba cheart dom a dhéanamh leis?” “Scrios as mo radharc,” arsa an sagart. Do chuaigh Eoghan go dtí an feirmeoir agus do bhí an geall aige.- Collector
- Eibhlín Ní Cheallacháin
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- Cathair na Cáithe, Co. Cork