School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Peigí P Ní Loingsigh, Curraithe. Aois – Trí bliana déag
11-3-’38
Béaloideas – Scéal
D’fhan fear ag ól i dtigh tábhairne tráthnóna go dtí gur caitheadh amach é ar a deich a’ chlog istoíche. Tar éis teacht amach duairt sé leis féin go mbeadh gal tobac aige. Thóg sé píopa amach as a phóca agus pé útamáil a bhí aige do thit rud éigin uaidh. Do las sé lasán, agus lasán, agus lasán eile, agus bhí sé ag cuardach ar a dhícheall.
Níorbh fhada gur bhailigh slua timpeall air, gach éinne ag faire an bhfeicfeadh sé píosa airgid nó rud éigin luachmhar ar an dtalamh. Nuair a bhí gach lasán dóite aige d’iarr sé lasán ar na daoine a bhí bailithe timpeall air. Fuair sé iad agus nuair ná raibh a thuilleadh le fáil duairt sé:- “Is dócha ná faighead go deo é.” “Cad a chaillis?” arsa duine des na daoine a bhí timpeall air. “Chailleas lasán,” arsa an t-amadán.- Collector
- Peigí P. Ní Loinsigh
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Na Curraithe, Co. Cork