School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an tíghe ag foghluim i gColáiste i mBlá-Cliath an uair sin. Tháinig sé cúaca ar a laethannta saoire. Bhí[?] sé féin agus fear an tíghe ag cómhrádh istig sa t-seómra tráthnóna amháin.
Nuair a bhí an oidhche ag tuitim dubhairt fear an tíghe leis go gcaithfidís an seómra a fhágaint. D'fhiafraidh an bhuachaill de cad na thaobh. D'innis seisean do mar gheall ar an sprid. Dubhairt an buachaill go bhfhanfadh sé féin ann feuchaint ar bhfíor go bhfeichtí an sprid.
Thug an fear cead do fanamhaint ann agus d'fhan. Níor bhfada dho sa t-seomra go dtáinig fear isteach cuige. D'fiafraidh sé d'en fhear ce'r bhé nó cad a bhí a thabhairt ann. Dubhairt an fear gur sagart é thaghadh cun an tíghe sin ag éisteacht faoistine cailín a bhí bodhar 'as balbh agus d'innis sé dho gur dhein sé dearmadh ar ceann de's na páipéiríbh a dhógad.
D'innis sé de'n bhuachaill cár fhág sé an páipéir agus dubhairt sé leis dá ndóthfadh sé dho é nár gádh dho teacht cun an tíghe a thuille. Do cuardaidh an buachaill an seilph agus fuair sé an páipeár agus é ag tuitimh as a céile le neart aoise.
Dhóig sé sa teine é, d'imthigh an sagart agus ní fheacthas a thuille é.- Collector
- Peigí D. Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Ladhar na Gaoithe, Co. Cork