School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus ’sé an ainm a bhí air ná Seán Córach. Bhí sé ’na chónaí lena mháthair i dtigh beag deas cluthar agus bhíodar go lántsásta agus a ndóthain le n-ól agus le n-ithe acu.
Is é an sórt suipéir a bhíodh acu gach oíche ná leite mine buí. Nuair a bhíodh sí beirithe do thógadh an mháthair a cuid féin amach i méis agus d’fhágadh sí cuid Sheáin sa chorcán agus do chaitheadh sí taoscán bainne isteach ann. D’itheadh Seán go meidhreach sásta mar sin í agus ní bheadh aon mheas ar aon chor aige uirthi muna bhfaigheadh sé as an gcorcán í. Duairt a mháthair leis aon lá amháin:- “A Sheáin, a stóraigh, táim ag smaoineamh le tamall go bhfuil sé in am duit bheith ag cuimhneamh ar phósadh agus bean óg éigin d’fháil duit féin, mar tá ’fhios agat go bhfuilimse ag dul i gcríonnacht agus ná féadfad maireachtaint i bhfad eile agus mo lánsaol d’fháil, mar ní bheidh compord agat go dtí go mbeidh bean éigin agat a dhéanfaidh gnó a’ tí duit.”
Geallaimse dhuit ná raibh aon leisce ar Sheán an chomhairle sin do ghlacadh óna mháthair mar bhí fonn pósta air féin le(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Carraig na Damhaire, Co. Cork