School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ’na cónaí fadó ar an Leacain Bháin agus bhí déirí aici ón bhfeirmeoir a bhí chomharsanacht léi. Bhí na ba go maith aici agus ba ghearr an mhoill uirthi an cíos do dhíol le him. Nuair a chonaic bean an fheirmeora go raibh an bhean eile ag déanamh seó airgid ar an im, tar éis an chíosa a bheith díolta, duairt sí léi féin go mbéarfadh sí an t-im uaithi.
Chuaigh sí go dtí bean an déirí Lá Bealtaine agus d’iarr sí punt ime uirthi agus fuair sí é. An chéad lá eile nuair a bhí bean an déirí ag déanamh na cuiginne theip uirthi aon im do dhéanamh – bhí sí á dhéanamh ó mhaidean go hoíche ach ní raibh aon mhaith dhi ann. Fé dheireadh chuimhnigh sí uirthi féin gurb amhlaidh a dhein duine éigin piseoga ar a cuid ime, agus chuimhnigh sí ar an mnaoi do rug uaithi an t-im Lá Bealtaine, agus chuaigh sí go dtí bean an fheirmeora agus fearg uirthi, agus(continues on next page)- Collector
- Peigí D. Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Ladhar na Gaoithe, Co. Cork