School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- XML Page 162
- XML “Béaloideas - Scéal”
- XML “Seanfhocal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thiarna éigin é ón mBaile Breac. I gcionn tréimhse do chuir sé duine dá fhearaibh go dtí an mBaile Breac chun cuntais a thabhairt thar n-ais do conas a bhí ag rith leo. Nuair a tháinig sé go dtí an áit is amhlaidh a bhí scata mór gabhar le hais an tí. Chuaigh sé isteach sa tigín agus do bhíodar ag ithe prátaí as sciathóig a bhí ar ghlúnaibh an tseanduine. D’aithin sí an teachtaire agus duairt sí leis gan a insint dá hathair conas a bhíodar, ná raibh a mhalairt tuillte aici. Bhuail sé abhaile ansan agus duairt sé leis an rí gan dul ann choíche mar go raibh áit thar barr fálta aici. “Nuair a chuas i ngar don tigh,” ar sé, “is amhlaidh bhí garda mór saighdiúirí agus dhá ghunna ag gach duine acu mórdtimpeall air. Nuair a chuas isteach, bhíodar ag caitheamh a ndinnéir agus ní cheannódh an méid óir atá agatsa na cosa a bhí fén mbord acu.” Níor chuaigh an rí riamh ag fiosrú a iníne.
- Seanfhocal – Is mórthaibhseach iad adharca na mbó thar lear.
- Collector
- Máire P. Ní Cróinín
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Goirtín Fliuch, Co. Cork