Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Máire Ní Liatháin, Goirtín Fliuch. Aois - Trí bliana déag go leith
5-12-’38
Béaloideas – Scéal
Tá mórán céadta blian ó shin ann ór fhógair Naomh Fionnbarra go mbeadh
Aifreann agus seanmóin aige sa Ghuagán ar an tríú lá fichead do Mheán Fhómhair. Do tháinig neameon daoine ó gach aon áit ann. Lá ana-bhrothallach dob ea é. I meán lae do dhoirchigh sé agus do tháinig tóirneacha agus splancacha móra. Do tháinig scanradh ar na daoine. Do labhair Naomh Barra leo:- “A dhaoine,” ar seisean, “ná bíodh aon eagla oraibh mar táimse chun dul go Baile Bhúirne chun go bhfeicfidh mé an teampall atá déanta ag Naomh
Gobnait. Gluaisígh liomsa, a dhaoine,” ar seisean agus d’imíodar leis. “Geallfadsa díbh ná déanfaidh tóirneach ná splanc aon díobháil go brách arís idir mo theampallsa agus teampall Naomh Gobnatan,” agus níor dhein riamh ó shin, buíochas le Muire agus le Naomh Fionnbarra an Ghuagáin.- Bailitheoir
- Máire Ní Liatháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Goirtín Fliuch, Co. Chorcaí