School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)

Location:
Kilmocomoge, Co. Cork
Teacher:
Conchobhar Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 233

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Com Sheóla (B)
  2. XML Page 233
  3. XML “Bean na Sainte”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí bean na cómhnuidhe tímcheall na h-áite seo. Bhí inghéan aici dara b' ainim di Síle. Ní raibh aoine eile ag cómhnuidhe leó ach an bheirt.
    Bhí mála óir ag an mnaoi agus bhí ana ghreim aici ar an ór agus ní thiosbáinfheadh sí do Shíle in aon chor é mar cheap sí go nbainfheadh Síle dhi é, ach mar sin féin bhí fhios ag Síle go raibh an t-ór aici.
    Fé dheire nuair a mhothuigh an sean bhean go raibh an bás ag druidim lei do ghlaoidh sí chúichi a h-inghéan agus dúbhairt lei an t-ór do chuir in árthach agus é leaghadh ós cionn na teine i dtreó go n-ólfhadh sí é sar bhfaighfheadh sí bás.
    Bhí an cailín ag machtnamh ar chonus a dheanfhadh sí amadán de'n t-seana mhnaoi agus fé cheann tamaill do chuimhnig sí ar sheift. Fuair sí cnapán maith ime agus chuir sí in árthach ós cionn na teine é agus leog sí ann é go raibh sé leaghte go maith.
    Annsan do chuir sí i gcupán é is do thug do'n t-sean mhnaoi é. D'ól an sean-bhean é agus bhí sí ana shásta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Gender
    Male
    Address
    Mill Big, Co. Cork
    Informant
    Pádruig Ua h-Úrdail
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Mill Big, Co. Cork