Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 216](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0282%2FCBES_0282_216.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 216
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá lios i nDoire na Cille tímcheall míle goleith ón scoil seo. Bhí sé ceapaithe sa t-seana[?] saoghal gur ab áit ana uaigneach é bheith tímceall an leasa san ist oidhche, mar bhí sé raidhte go mbíodh spóirt agus caitheamh aimsire ag na púcaí istig ann.
Do bhí buachaill ana spóirtamhail dár ab ainim do Diarmuid Ua Déagha na chómhnuidhe in aice an leasa san tímcheall ceud blian ó shoin. Do theigheadh sé isteach sa lios go h-ana mhinic agus bíodh sé ag rinnce ann. Do thagadh sé abhaile i ndeire na h-oidhche ar meisge. Do bhíodh saghas díghe istig acu beóir a dheineadh múintir an leasa. D'ól an buachaill úd alán de oidhche amháin. Tháinig sé abhaile agus níor mhair sé ach seachtmhain. Dúbhairt na cómharsain go léir gur ab amhlaid do scuabadh é.- Bailitheoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mill Big, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Mill Big, Co. Cork