School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 242
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bhí sagart a d'iarraidh a chur na luighe ar mnaoí go dtiocfadh Dia chun breitheamhantas a tabhairt i ndeire an tsaoghail agus go mbeadh an uile duine a mhair riamh ann.
"Agus a' mbeidh Cromel agus Eóghan Ruadh Ó Néill ann?" arsan bean. "Ó beidh" arsan sagart. "Muise má bhíonn" arsan bhean "ní coimeadfaidh an méid diabhal atá in Ifreann ó na chéile iad."
Nuair tháinig Oisín thar nais ó Tír na n-Óg casadh Naomh Pádruig air, agus thosnuigheadar ag chaint. Ba mhaith le Óisín go n-innseósadh Naomh Pádruig do cá raibh na Fianna. "Táid go léir in Ifreann" arsa Naomh Pádruig. "Cad tá á deanamh acu ann"? arsa Naomh Pádruig. "Táid mar seo" arsa Pádruig.
Tá Oscar tuirseach de'n stúiste
Agus Fionn na shuidhe ar thínntean Goll mac Mórn, agus Diarmuid Ua Daoinne ag rinnce is ag deanamh(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Cróinín
- Gender
- Male
- Address
- Coorloum West, Co. Cork
- Informant
- Seán Ó Cróinín
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Coorloum West, Co. Cork