School: Com Sheóla (B) (roll number 15646)
- Location:
- Kilmocomoge, Co. Cork
- Teacher: Conchobhar Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Com Sheóla (B)
- XML Page 249
- XML “Locha na Ceachan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin nuair bhí Fionn ag fiadhach ar Chnoc Garbh do chonnaic sé ag rith suas an chnoc alán buachaillí chun é marbúghadh. Do bhí árd fhearg air agus rug sé ar charraig móir agus chaith sé leó é is do mhairbh sé a raibh ann acu. O shoin go dtí an lá indiu glaodhtar Carn na mBuachaillí ar an áit sin.
Bliadhan amháin níor thuit aon bhaisteach le fada, agus bhí an talamh sgoilte leis an ngréin, is ní raibh aon uisge le fághail in aon ait.
Do guig na daoine cun Dé uisge do chur chúcha, is do chuir. Thuit an bháisteach an uair sin go trom agus níor stad sé go ceann bliadhna agus gach lá do tháinigh loch ar Chnoic na gCeachann, agus tá trí ceud seasga a cúig locha ar an cnocaibh san.- Collector
- Seán Ó Cróinín
- Gender
- Male
- Address
- Coorloum West, Co. Cork
- Informant
- Seán Ó Cróinín
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Coorloum West, Co. Cork